Comhordaitheoir Earcaíochta.
- Belfast
Comhordaitheoir Earcaíochta
- Belfast
-
Posted
February 4, 2026
Tréimhse an chonartha
Suas le 25 seachtaine
An Ról
Agus é ag obair d’Oifig an Choimisinéara Gaeilge, beidh an phríomhfhreagracht ag an tsealbhóir poist as an cháipéisíocht a ullmhú atá de dhíth le tacú le hearcaíocht na mball foirne a mbeidh sé mar chúram orthu beart a dhéanamh de réir phríomhaidhm an Choimisinéara – úsáid na Gaeilge sna húdaráis phoiblí a chur chun cinn agus a chosaint agus seirbhísí á soláthar don phobal nó do sciar den phobal i dTuaisceart Éireann.
Príomhfhreagrachtaí
Mar Chomhordaitheoir Earcaíochta, beidh na dualgais seo a leanas agat:
· Tacaíocht a thabhairt don Choimisinéir Gaeilge ag achan chéim den phróiseas earcaíochta.
· Leabhráin Eolais don Iarrthóir a fhorbairt d’fholúntais, atá ar ardchaighdeán.
· Cinnte a dhéanamh de go scaiptear eolas fá fholúntais ar shuíomh gréasáin agus cainéil meán sóisialta an Coimisinéara, agus fríd chláir post agus meáin chlóite cuí, agus ar ardáin earcaíochta ábhartha eile.
· Cur le feachtais earcaíochta agus gníomhaíochtaí bainteacha eile.
· Cuidiú le himeachtaí inmheánacha agus seachtracha, ionadaíocht a dhéanamh don Choimisinéir Gaeilge ag imeachtaí ar mhaithe le daoine cuí féideartha a mhealladh.
· Dul i gcomhairle le bainisteoirí agus painéil earcaíochta agus roghnúcháin ar mhaithe le lóistíocht agallaimh a chomhordú, lena n-áirítear infhaighteacht, seomraí cruinnithe, pacaí agallaimh, agus scairteanna fíorúla Teams nuair is gá.
· Cumarsáid thráthúil agus phroifisiúnta a chur ar fáil d’iarrthóirí i dtaca le agallaimh, aiseolas, agus céimeanna atá le glacadh ina dhiaidh sin.
· Córas rianaithe iarrthóirí a fhorbairt, a chothabháil, agus a uasdátú, ina bhfuil faisnéis atá cruinn agus iomlán maidir le hiarrthóirí.
· An cháipéisíocht ar fad maidir le hiarrthóirí a bhailiú agus a chomhadú go slán sábháilte.
· Tairiscintí fostaíochta agus conarthaí a ullmhú agus a eisiúint d’iarrthóirí rathúla.
· Eolas nua fá thosaitheoirí a chur in iúl do na ranna bainteacha ar mhaithe le próiseas ionduchtaithe socair a chinntiú.
· PTFanna míosúla earcaíochta a ghiniúint agus a chur i láthair.
· Aon dualgais bhreise a chomhlíonadh de réir mar a éilíonn an lucht bainistíochta.
Critéir Bhunriachtanacha
Ba chóir go mbeadh ar a laghad dhá bhliain de thaithí ag an iarrthóir rathúil ag obair i ról comhchosúil agus is fearr go mbeadh Gaeilge líofa ar a thoil aige.
Apply for this job.
Latest jobs .
-
Recruitment Coordinator
View & Apply -
Communications Officer – Belfast
View & Apply -
Counter Assistant – Ballymena
View & Apply