Communications Officer – Belfast.
- Belfast, County Antrim
- Up to £19.59 per hour
Communications Officer – Belfast
- Belfast, County Antrim
- Up to £19.59 per hour
-
Posted
February 3, 2026
Tréimhse an chonartha
Suas le 25 seachtaine
An Ról
Beidh an sealbhóir poist ag obair in Oifig an Choimisinéara Gaeilge, agus beidh sé chun tosaigh i gcruthú agus cur i bhfeidhm na stratéise cumarsáide. Tacóidh an straitéis le príomhaidhm an Choimisinéara – úsáid na Gaeilge sna húdaráis phoiblí a chur chun cinn agus a chosaint agus seirbhísí á soláthar don phobal nó do sciar den phobal i dTuaisceart Éireann.
Beidh an sealbhóir poist ag obair le comhghleacaithe ar fud na hearnála poiblí, agus le phríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear earnáil na Gaeilge, ionadaithe polaitiúla, Aonad Fógraíochta, Preasoifig agus Oifig Phríobháideach an Rialtais.
Príomhfhreagrachtaí
Stráitéis Chumarsáide
o Stráitéis chumarsáide chuimsitheach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le cuspóirí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara a chur chun cinn.
o Úsáid a bhaint as ardáin dhigiteacha, na meáin shóisialta agus na meáin thraidisiúnta le daoine a chur ar an eolas faoi aidhmeanna agus feidhmeanna na hoifige. Cinnte a dhéanamh de go mbíonn teachtaireachtaí oiriúnaithe do phríomhluchtanna sprice:
– Cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge
– Údaráis phoiblí agus soláthraithe seirbhíse
– Na meáin agus ceannairí tuairimíochta
o Ábhar a chruthú a tharraingíonn aird ar dhea-chleachtas agus ar scéalta fá rath i dtaca le soláthar seirbhíse fríd Ghaeilge.
o Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht feachtas, rud a dheimhníonn luach ar airgead agus tionchar is féidir a thomhas.
Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara
o Caidrimh láidre a chothú le comhlachtaí poiblí, grúpaí pobail, agus eagraíochtaí abhcóideachta le comhoibriú a chur chun cinn.
o Ionadaíocht a dhéanamh ar Oifig an Choimisinéara ag imeachtaí, seisiúin chomhairliúcháin, agus cruinnithe pobail.
o Cuir i láthair, faisnéisithe, agus tuarascálacha do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear ranna rialtais agus eagraíochtaí meán, a ullmhú agus a chur ar fáil.
Bainistíocht Acmhainní agus Buiséid
o Cur leis an bhainistíocht ar an bhuiséad cumarsáide agus teagmhála.
o Cinnte a dhéanamh de go gcloíonn gach gníomhaíocht le beartais airgeadais agus torthaí a sholáthar atá éifeachtúil ó thaobh costas de.
Comhordú Imeachtaí
o An phleanáil agus soláthar a threorú i dtaca le himeachtaí bolscaireachta, comhdhálacha, agus feachtais feasachta bharrthábhachtacha, a bhaineann le ról an Choimisinéara.
o Aiseolas agus sonraí a bhailiú le heolas a thabhairt do straitéisí sa todhchaí agus le rannpháirtíocht a fheabhsú.
Cumarsáid Inmheánach
o Gníomhú mar phríomhphointe teagmhála do riachtanais bholscaireachta inmheánacha.
o Oibriú go comhoibríoch ar fud foirne ar mhaithe le brandáil agus teachtaireachtaí atá leanúnach a chinntiú.
o Acmhainní eolais a tháirgeadh agus a uasdátú (acmhainní cló agus digiteacha) agus monatóireacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht ar na meáin shóisialta.
Critéir Bhunriachtanacha
· Ba chóir go mbeadh ar a laghad dhá bhliain de thaithí ag an iarrthóir rathúil ag obair i ról comhchosúil agus is fearr go mbeadh Gaeilge líofa ar a thoil aige.

Apply for this job.
Latest jobs .
-
X2 RANGERS BALLYMENA GLENARIFF FOREST PARK 25TH FEB START
View & Apply -
X2 ADMIN OFFICERS KILKEEL ASAP START
View & Apply -
SENIOR EXECUTIVE OFFICER – PERSONAL ASSISTANT – BELFAST CLARENDON DOCK ASAP START
View & Apply